Diarmuid Johnson: Music - Literature - Art
  • Home
  • Thirty Books
  • Videos and Interviews
    • Seal le Dáithí TG4
    • The Ebb Tide Reel
    • Tuatha Dé Danann ar RTÉ
    • The Hills above Drumquin
    • Brezhoneg
  • The Tara Trilogy
  • Music
    • Sáile
    • Y Deryn Du
    • with Bríd Harper
    • Éire 2009
    • Polska 2008
    • Deutschland 2007
    • Cymru 2005
    • Abisko 1992
  • Visual Art
    • Oak-Shadow
    • Fire and Shadow
  • Selected Projects
    • The Crooked Road
    • The Arados Society
    • Rhos-y-Gilwen
    • Canu'r Ddaear
  • Gallery
Picture

Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le dhá scór bliain anuas ó Inbhear Nis go Bucairist agus ó Chonamara  go Vársá.

Tá blianta na Breataine Bige ann ar an seandúchas dó. Tá blianta na Briotáine ann áit a bhfuil teach agus tearmann cois coille aige. Tá blianta na Gaeltachta ann idir Éirinn agus Albain, blianta ar bhóithre na Polainne ag seinm ceoil, blianta léinn sa nGearmáin, blianta beaga nach iad sa Rómáin agus sa mBruiséil ar lorg na cinniúna, ag saothrú i ngort na héigse agus na healaíne, agus ag coinneáil snáth faoin bhfiacail ó mhí go mí.

Léargas ar shaol na ndaoine i bhfad ó chroí na cumhachta – sin é an tréith is suntasaí sa leabhar fuinniúil taitneamhach seo. Agus léargas dá réir ar dhúchas na hEorpa soir siar ar feadh a bhfuil ann. Fág an baile i do dhiaidh mar sin, cuir mála ar do dhroim, agus siúil leat san áit a gcasfaidh an bóthar thú: ní bheidh tú gan scéal le hinseacht ná gan amhrán le rá nuair a bhainfidh tú díot do dhá bhróig i ndeireadh an aistir.

Ar fáíl ó Seacht dTír Seacht dTeanga - Leabhar Breac - Diarmuid Johnson



​

Powered by Create your own unique website with customizable templates.